Originally published in print by Scáthán magazine, 2017. Won 2nd prize in a writing competition held by the paper. Aerfort Bhaile Átha Cliath; maidin fhuar. Ar oscailt gach mí sa bhliain, gach lá sa tseachtain, gach uair sa lá. Ballaí bána. Táim i mo shuí i gcúinne ciúin, ag ithe sceallóga agus ag féachaint amach ar na daoine. Clanna ag argóint. Páistí ag caoineadh. Mic léinn ina gcodladh in aice leis na staighrí, ar nós corpán. An bhfuil gach duine anseo ag dul abhaile? Nó an bhfuil siad ag éalú on oileán seo? Cuirim síos an sceallóg atá i mo lámh agus seasaim suas. Cad fúmsa? Éalú? Mise? Na ballaí bána timpeall orm. Timpeall, timpeall, gan éalú, i gcónaí gan aon seans. Bás, bás sa talamh, bás sa spéir. Braitheann mo chosa lag agus suím síos arís. Cuirim mo lámh ar m’éadan. Táim ag cur allais. “An bhfuil tú críochnaithe?” Fear le tráidire lán de bhia. Bean in aice leis. “Tá brón orainn ach níl aon bhord eile saor… an bhfuil tú ag imeacht?” “Táim… táim…” a fhreagraím agus piocaim suas ...